As Gaeilge
Is comhlacht amharclainne oideachasúil den scoth í Graffiti, atá ag soláthar amharclainne agus drámaíochta ar ard-chaighdeán do pháistí agus daoine óga le beagnach tríocha bliain anuas.
I 1999 a thosaigh Graffiti ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge freisin, agus ó shin i leith tá clár amharclainne oideachasúla trí Ghaeilge ar fáil gach bliain sna Gaelscoileanna agus scoileanna sa Ghaeltacht i gCúige Mumhain agus deisceart Laighin. Déanann Graffiti as Gaeilge freastal ar na scoileanna seo trí mheán na Gaeilge toisc gurb í an Ghaeilge príomhtheanga scoile na bpáistí seo.
Mar bharr ar sin, tá Graffiti dílis do mhúinteoirí le Gaeilge ar spéis leo an drámaíocht a úsáid sa seomra ranga agus, i gcomhar le Branar Téatar do Pháistí, bíonn Graffiti as Gaeilge ag reachtáil cúrsaí agus ceardlanna do mhúinteoirí. Tuilleadh eolais ó Shíle ar 021 4397111.
Tá Graffiti loinnithe in amharclann álainn nua-dheartha i gcathair Chorcaí ach téann an chomhlacht ar thuras go dtí na scoileanna féin freisin.
Is teagmháil spreagúil agus cuimsitheach leis na daoine óga é clár Graffiti as Gaeilge – idir thaispeántas, ceardlanna agus ábhar acmhainne leanúnach.
I 2009, ag ceiliúradh 10 mbliana, thosaigh muid ag plé na nascanna atá ann idir Graffiti agus ealaíontóirí agus oideachasóirí eile atá dílis d’obair do pháistí. As sin a d’fhás an scáthghrúpa agus áiseagraíocht Meitheal na mBeag www.meithealnambeag.ie
Má tá tuilleadh eolais uait ar aon cheann de na léirithe Graffiti as Gaeilge, is féidir leat cliceáil ar an nasc thíos. Is féidir tuilleadh eolais ar Graffiti as Gaeilge a fháil freisin ó Shíle ag 021 4397111 nó sile@graffiti.ie
Fite Fuaite ar Facebook – grúpa do mhúinteoirí bunscoile:
Tá gréasán cruthaithe againn do na múinteoirí a d’fhreastal ar an gcúrsa samhraidh ‘Fite Fuaite’. Tá súil againn go mbeidh cruinnithe agus ceardlanna rialta againn i rith na bliana ag tógáil ar na scileanna drámaíochta atá ag na múinteoirí seo. Is féidir leat páirt a ghlacadh sa ghréasán seo má d’fhreastal tú ar an gcúrsa – téigh ag lorg ‘Fite Fuaite’ ar Facebook. Má tá spéis agat sa ghrúpa seo is féidir teagmháil a dhéanamh le Síle ag 021 4397111 nó sile@graffiti.ie

