Dorchadas Draíochta

Dorchadas Draíochta le Mike Kenny

leagan Gaeilge le Síle Ní Bhroin

12771725_10153935643768866_4181819665053457399_o

 

Gach oíche imíonn Mamaí ag obair sa Chaifé. Fanann na páistí sa leaba ag éisteacht le fuaimeanna an Aonaigh faoi sholas na gealaí.

 

Cad a tharlódh dá dtabharfadh siad turas ar an Aonach?

Dá bhfaighfeadh siad amach cad atá taobh thiar den Traen Taibhse?

Dá bhfaighfeadh siad amach níos mó ná sin … ?

 

Féachann an dráma álainn Dorchadas Draíochta ar an athrú a thagann ar an gnáth-rud faoi scáth an dorchadais. Pléann sé le scéalta agus leis an eagla – agus sceitimíní – atá sa scéalaíocht: scéalta sí, scéalta scanrúla

agus scéalta dochreidte a gcreideann tú iontu …

 

Tá clú agua cáil ar Mike Kenny go hidirnáisiúnta, agus go leor léiriú dá shaothar déanta in Éirinn freisin. Bhuaigh sé ainmniúchán Olivier dá dráma The Railway Children. Seo an chéad léiriú as Gaeilge den dráma seo.

 

Dorchadas Draíochta mar chroílár de chlár d’amharclann oideachasúil atá deartha go speisialta do pháistí i Rang 1, 2 agus 3. Nascann an clár oideachasúil go cúramach leis an gCuraclam OSPS, Gaeilge, Drámaíocht agus na Físealaíona. Tá Leabhar Acmhainne Múinteoirí ar fáil atá ceangailte leis an gCuraclam.

 

Buíochas le maoiniú (An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge), is féidir an clár spreagúil agus cuimsitheach seo a fháil ar €150 (€100 don dar léiriú ar an lá céanna).

Beidh an léiriú ar fáil do Ghaelscoileanna agus scoileanna sa Ghaeltacht i gCorcaigh agus Cúige Mumhain i Mí Aibreán 2016.

 

Seo a leanas an Leabhar Acmhainne Múinteora:

Chun na nascanna a úsáid taobh istigh de na doiciméid thíos, ‘copy&paste‘ an url go dtí an ‘browser‘ ar do scáileán.

 

Conas an LAM a úsáid & Achoimire ar an Dráma

Aonad 1

Aonad 2

Pictiúir- Niamh & puipéid

Aonad 3.

Starry Night

Leabharliosta